An Coróinvíreas Agus An Chreidiúnacht

Is aistriúchán é seo agus tá an bunleagan Béarla ar fáil ar Coronavirus and Credibility.


Aibreán 2020

Le déanaí, d’fhéach mé ar fhíseán de hiriseorí teilifíse agus de pholaiteoirí agus iad ag rá nach mbeadh an coróinvíreas níos measa ná an fliú. Ba iad cé chomh dásachtach a bhí siad agus cé chomh mícheart is a raibh á rá acu na smaointe a rith liom agus mé ag féachaint air. Conas is féidir leo a bheith ar a suaimhneas agus iad ag rá rudaí mar seo?

Is é freagra na ceiste seo ná nár shlamhlaigh siad go mbéarfaí orthu go deo. Ní raibh siad den thuairim gur rud dáisearach é go raibh siad ag déanamh tuartha míchearta. Déanann na daoine seo tuartha míchearta Domhnach is dálach – agus ligtear iad leo, toisc nach mbaineann ach torthaí doiléir leis na tuartha a rinne siad, agus dá bharr, bíonn siad in ann iad féin a tharraingt as gábh, nó toisc nach bhfeicfí na torthaí a bhaineann leis na torthaí go deo – nó ar a laghad go dtí go ndéanfadh formhór na ndaoine dearmad ar a raibh ráite acu.

Is scéal eile ar fad í an eipidéim, áfach. Bréagnaíonn sí do thuartha go tapadh agus go cinnte.

Ní thuigeann na daoine seo go bhfuil seans ann go dtarlóidh eipidéim toisc nach bhfuil a fhios againn cé chomh hannamh is a tharlaíonn eipidéimí. Ina áit sin, leanann siad ar aghaidh úsáid a bhaint as a ngnáthmhodh – agus mar a chuireann an eipidéim seo in iúl dúinn, is é a ngnáthmhodh ná a bheith ag labhairt faoi rudaí nach dtuigeann siad go cinnte. 

Is deis chumhachtach ar leith chun daoine a mheas í an eachtra seo. Mar a dúirt Warren Buffet, “Ní thabharfaidh tú faoi deara cé atá ag snámh nocht go dtí go mbeidh an taoide amuigh.” Agus ní raibh sé ina thrá riamh cheana.

Anois, tá na torthaí ar eolas againn, agus ná déanaimis dearmad ar a bhfuil feicthe againn, toisc gur dócha gur í seo an thástáil creidiúnachta is fearr a bheidh againn go deo. Le cúnamh Dé. 

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: