oisin thomas
Oisín Thomas

Na rudaí atá fonn ort (fonn a bheith ort)* a dhéanamh

4 min read

The original essay by Paul Graham can be found at What You (Want To)* Want.


Samhain 2022

Ó bhí mé 9 mbliana d’aois, ní raibh mé in ann an neamhréiteach seo a fhuascailt: táimid faoi dhlíthe na fisice – ag iompair mar a bheifeá ag súil leis – ach, ag an lámh eile, braitheann sé gur féidir liom aon rud is mian liom nó atá fonn orm a dhéanamh. [1] Ag an am, bhí cúis leithleach agam an cheist seo a inniúchadh: ag an am sin, cosúil le gach aois eile, bhínn i gcónaí i dtrioblóid leis na húdaráis. Mheas mé go raibh seans ann gurbh fhéidir liom trioblóid a sheachaint, dá n-áiteoinn nach bhfuilim freagrach as na rudaí a dhéanaim. Anois, tá dóchas caillte agam an mhéid sin a dhéanamh; ach, fágtar an neamhréiteach.

Is é an chaoi is fearr an freagra a mhíniú ná go dtosaímid le leagan saghas mícheart, agus ansin go gceartaímid é. Seo é an leagan mícheart: is féidir leat do rogha rud a dhéanamh, ach ní féidir leat fonn a bheith ort rudaí a dhéanamh atá fonn ort a dhéanamh. Is fíor an rud é gur féidir leat smacht a bheith agat ar na rudaí a dhéanann tú, ach déanann tú na rudaí atá fonn ort a dhéanamh, agus níl aon leigheas air sin.

An fáth atá dul amú ar dhaoine faoi seo ná go n-athraíonn daoine cad is mian leo ó am go h-am. Is féidir le daoine nár mhian leo fonn a bheith orthu rud a dhéanamh – andúiligh drugaí, mar shampla – iad féin a stopadh. Agus éiríonn le daoine ba mhian leo fonn a bheith orthu rud a dhéanamh – daoine ba mhian leo suim a bheith acu sa cheol clasaiceach nó brocailí a ithe – uaireanta.

Mar sin, athraímid ár gcéad ráiteas: is féidir leat do rogha rud a dhéanamh, ach ní féidir leat fonn a bheith ort fonn a bheith ort rud a dhéanamh atá fonn ort a dhéanamh.

Ach, níl sé seo amach is amach fíor. Is féidir leat an rud a athrú atá fonn ort fonn a bheith ort a dhéanamh. Samhlaigh duine ag rá, “Shocraigh mé nach bhfuil fonn orm éisteacht le ceol clasaiceach.” Ach, diaidh ar ndiaidh, táimid ag teacht ar an bhfírinne. Is annamh go n-athraíonn daoine cad atá fonn orthu fonn a bheith orthu á dhéanamh, agus éireoidh sé níos annaimhe má chuireann tú níos mó “fonn a bheith …” isteach.

Is féidir linn teacht níos gaire ar an bhfir-ráiteas, má chuirimid níos mó “fonn a bheith …” isteach ar an gcaoi chéanna a théimid níos gaire d’uimhir a haon nuair a chuirimid tuilleadh uimhir a naoi ag deireadh teaghráin le ponc agus naoi. Is leor trí nó ceithre “fonn a bheith …”, i ndáiríre. Is deacair a shamhlú cad a chiallaíonn “athraigh rud atá fonn ort fonn a bheith ort fonn a bheith ort a dhéanamh”, gan trácht ar é sin a dhéanamh!

Caoi amháin is féidir leat an freagra ceart a chur in iúl ná trí shlonn rialta. Is féidir leat do rogha rud a dhéanamh, ach tá ráiteas éigin ann den fhoirm “ní féidir leat (fonn a bheith ort)* rud a dhéanamh atá fonn ort a dhéanamh” atá fíor. Sa deireadh, buaileann tú le mian nach bhfuil smacht agat uirthi [2].

Nótaí

[1] Ní raibh fhios agam nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois go raibh seans ann go n-iompródh ábhar go fánach, ach sílim nach athraíonn sé tada. Scriosann an randamacht an taibhse sa mheaisín chomh éifeachtúil leis an gcinnteachas.

[2] Mura maith leat slonn rialta a úsáid, is féidir mianta uasaicme a úsáid ina áit: tá n ann, nach bhfuil smacht agat ar cad atá fonn n-ú ort.