An Gá a Bheith ag Léamh

This is an Irish translation of an original essay by Paul Graham which is available here at “The Need To Read“.

Samhain 2022

Sna leabhair ficsean eolaíochta a léinn nuair a bhí mé óg, ba mhinic a bhíodh módh ní b’éifeachtaí eolas a fháil i ndiaidh teacht in ionad na léitheoireachta. Lódálfá téip rúndiamhair na sonraí i do cheann cosúil le ríomhchlár ar do ríomhaire.

Is dócha nach dtarlóidh sé in airearracht. Ní toisc go mbeadh sé deacair é a chruthú, ach toisc nár leor é – fiú dá mbeadh sé le fáil. Ní hamháin go múineann léamh faoi x duit x, ach múineann sé duit conas a scríobh. [1]

Nach cuma? Dá dtiocfadh rud eile in áit na léitheoireachta, arbh fhiú a bheith in ann scríobh go cruinn?

An fáth gurbh fhiú é, ná gur modh cruthaitheach í an scríbhneoireacht: ní hamháin go gcuireann tú smaointe in iúl tríthi, ach tarraingíonn smaoineamh smaoineamh eile.

Ní smaoiníonn an t-údar maith agus ansin scríobhann síos a rudaí a ritheann leis nó léi, amhail is dá mba thras-scríbhinn é. Is annamh nach bhfaigheann an t-údar maith amach rudaí nua agus é nó í ag scríobh. Agus níl rud ar bith ar fáil, go bhfios dom, is féidir tar ina háit. Is maith an rud é labhairt le daoine eile faoi do chuid smaointe. Ach, tar éis sin, gheobhaidh tú rudaí nua amach nuair a scríobhfaidh tú iad síos, fiú. Baineann smaointeoireacht ar leith leis an scríbhneoireacht.

Tá modhanna smaointeoireachta eile is féidir leat a dhéanamh gan an scríbhneoireacht, ar ndóigh. Mura gá duit machnamh go domhain ar fhadhb, is féidir leat é a réiteach gan scríobh. Má smaoiníonn tú faoi conas a ghabhann dhá pháirt i meaisín ina chéile, ní dócha go gcabhróidh an scríbhneoireacht leis. Ach, má bhíonn tú ag iarraidh fadhb chasta dhoiléir a réiteach, cabhróidh an scríbhneoireacht leis. Agus dá réir sin, muna bhfuil tú maith ag an scríbhneoireacht, is é is dóichí go mbeidh tú faoi mhíbhuntásite.

Ní féidir leat smaoineamh gan scríobh go cruinn, agus ní féidir leat scríobh go cruinn gan léamh go maith. Agus ciallaíonn ‘go maith’ an dá rud sa chás seo: caithfidh tú a bheith go maith ag an léamh, agus ag léamh rudaí maithe. [2]

Má theastaíonn eolas amháin uait, tá modhanna eile ar fáil. Ach, má theastaíonn uait smaointe nua a bheith agat, is gá a bheith ag léamh.

Nótaí

[1] Tugann closleabhair samplaí de scríbhneoireacht mhaith, ach ní fhoghlaimíonn tú an méid a fhoghlaimníonn tú tríd an léitheoireacht.

[2] Agus nílim ag labhairt faoi bheith go maith ag an léamh ó thaobh a oibrithe de. Is fearr a bheith in ann tuiscint a fháil ó na focail ná na focail a fháil ó na leathanaigh.

One response to “An Gá a Bheith ag Léamh”

  1. […] why decisions were made in how it was all constructed. Much like this piece that came out of translating “The Need to Read” by Paul Graham, you may find that through translating ideas, you may […]

    Like

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: