oisin thomas
Oisín Thomas

An Chéad Rud Ar Mo Liosta Rudaí Atá Le Déanamh

2 min read

Tá an leagan Béarla ar fáil ar The Top Of My Todo List.


Aibreán 2012

Rinne banaltra do chúram maolaitheach, darb ainm Bronnie Ware, liosta de na rudaí is mó a chuireann aiféala ar dhaoine atá ag fáil báis. Agus tá a liosta inchreidte. Ceapaim go ndéanfainn – go ndéanaim – ceithre cinn de na cúig botún anseo.

Má tá ort achoimre ghonta a dhéanamh ar an liosta, b’fhéidir go ndéarfidh tú go simplí: Ná bí i do lúb bheag. Cruthaíonn na cúig chúis aiféala pictiúr d’fhear iarthionsclaíoch a dhéanann é féin níos lú de réir mar atá a chúinsí ag an am, agus ansin, casann sé gan teip, go dtí go stopann sé go tobann.

Is cúis imní é gur iad botúin na faillí na botúin go léir a chuireann aiféala orainn, dar léi. Déanann tú dearmad ar do bhrionglóidí, déanann tú neamhaird de do theaghlach agus de do chairde, déanann tú dearmad a bheith sona agus chuireann tú do chuid mothúchán faoi chois. Is cineál botúin thar a bheith dainséarach iad botúin na faillí, toisc go ndéanann tú iad mar réamhshocrú.

Ba mhaith liom na botúin seo a sheachaint. Ach cén chaoi a seachnaíonn tú na botúin a dhéanann tú i gcónaí i ngan fhios duit féin? Go hidéalach, d’athrófá do shaol ó bhonn, ionas go mbeadh réamhshocruithe nua agat. Ach tá seans ann nach mbeidh tú in ann é sin a dhéanamh go hiomlán. Fad is go ndéantar na botúin seo mar réamhshocrú, is é is dóichí go mbeidh ort súil siar a chaitheamh orthu chun iad a sheachaint. Mar sin, d’aisiompaigh mé an liosta de na cúig chúis aiféala, agus sa tslí seo, fuarthas liosta de cúig ordú:

Ná cuir do bhrionglóid ar leataobh, ná obair ó dhubh go dubh, abair cíbe rud is dóigh leat, cuir cairdeas chun cinn, bí sona.

Agus cuirim iadsan ag barr an chomhaid ina scríobhaim an liosta rudaí atá le déanamh.