oisin thomas
Oisín Thomas

An Coróinvíreas Agus An Chreidiúnacht

2 min read

Is aistriúchán é seo agus tá an bunleagan Béarla ar fáil ar Coronavirus and Credibility.


Aibreán 2020

Le déanaí, d’fhéach mé ar fhíseán de hiriseorí teilifíse agus de pholaiteoirí agus iad ag rá nach mbeadh an coróinvíreas ní ba mheasa ná an fliú. Ba iad ‘cé chomh dásachtach a bhí siad’ agus ‘cé chomh mícheart is a raibh á rá acu’ na smaointe a rith liom agus mé ag féachaint air. Conas is féidir leo a bheith ar a suaimhneas agus iad ag rá rudaí mar seo?

Is é freagra na ceiste seo ná nár shamhlaigh siad go mbéarfaí orthu go deo. Ní raibh siad den thuairim gur dainséarach an rud é go raibh siad ag déanamh tuartha míchearta. Déanann na daoine seo tuartha míchearta Domhnach is dálach – agus ligtear iad leo, toisc nach mbaineann ach torthaí doiléire leis na tuartha a rinne siad, agus dá bharr, bíonn siad in ann iad féin a tharraingt as gábh, nó toisc nach bhfeicfí na torthaí a bhainfeadh leis na tuartha go deo – nó ar a laghad go dtí go ndéanfadh formhór na ndaoine dearmad ar a raibh ráite acu.

Is scéal eile ar fad í an eipidéim, áfach. Bréagnaíonn sí do thuartha go tapadh agus go cinnte.

Ní thuigeann na daoine seo go bhfuil seans ann go dtarlóidh eipidéim toisc nach dtuigeann siad cé chomh hannamh is a tharlaíonn eipidéimí. Ina áit sin, leanann siad ar aghaidh úsáid a bhaint as a ngnáthmhodh – agus mar a chuireann an eipidéim seo in iúl dúinn, is é a ngnáthmhodh ná a bheith ag labhairt faoi rudaí nach dtuigeann siad go cinnte.

Is deis chumhachtach ar leith chun daoine a mheas í an eachtra seo. Mar a dúirt Warren Buffet, “Ní thabharfaidh tú faoi deara cé atá ag snámh nocht go dtí go mbeidh an taoide amuigh.” Agus ní raibh sé ina thrá riamh cheana.

Anois, tá na torthaí ar eolas againn, agus ná déanaimis dearmad ar a bhfuil feicthe againn, toisc gur dócha gur í seo an thástáil creidiúnachta is fearr a bheidh againn go deo. Le cúnamh Dé.