oisin thomas
Oisín Thomas

An Gá a Bheith ag Léamh

3 min read

Is aistriúchán é seo agus tá an bunleagan Béarla ar fáil ar The Need To Read.


Samhain 2022

Sna leabhair ficsean eolaíochta a léinn nuair a bhí mé óg, ba mhinic modh tar éis tagtha in ionad na léitheoireachta ann a bheadh ní b’éifeachtaí eolas a fháil. Lódálfá téip rúndiamhair na sonraí i do cheann cosúil le ríomhchlár ar do ríomhaire.

Is dócha nach dtarlóidh sé in aicearracht. Ní toisc go mbeadh sé deacair é a chruthú, ach toisc nár leor é – fiú dá mbeadh sé le fáil. Ní hamháin go múineann léamh faoi x duit x, ach múineann sé duit conas a scríobh. [1]

Nach cuma? Dá dtiocfadh rud eile in áit na léitheoireachta, arbh fhiú a bheith in ann scríobh go cruinn?

An fáth gurbh fhiú é, ná gur modh cruthaitheach í an scríbhneoireacht: ní hamháin go gcuireann tú smaointe in iúl tríthi, ach tarraingíonn smaoineamh smaoineamh eile.

Ní smaoiníonn an t-údar maith agus ansin scríobhann síos a rudaí a ritheann leis nó léi, amhail is dá mba thras-scríbhinn é. Is annamh nach bhfaigheann an t-údar maith amach rudaí nua agus é nó í ag scríobh. Agus níl rud ar bith ar fáil, go bhfios dom, is féidir teacht ina háit. Is maith an rud é labhairt le daoine eile faoi do chuid smaointe. Ach, tar éis sin, gheobhaidh tú rudaí nua amach nuair a scríobhfaidh tú iad síos, fiú. Baineann smaointeoireacht ar leith leis an scríbhneoireacht.

Tá modhanna smaointeoireachta eile is féidir leat a dhéanamh gan an scríbhneoireacht, ar ndóigh. Mura ngá duit machnamh go domhain ar fhadhb, is féidir leat é a réiteach gan scríobh. Má smaoiníonn tú faoi conas a chuirtear dhá pháirt le chéile i meaisín, ní dócha go gcabhróidh an scríbhneoireacht leis. Ach, má bhíonn tú ag iarraidh fadhb chasta dhoiléir a réiteach, cabhróidh an scríbhneoireacht leis. Agus dá réir sin, mura bhfuil tú maith ag an scríbhneoireacht, is é is dóichí go mbeidh tú faoi mhíbhuntáiste.

Ní féidir leat smaoineamh gan scríobh go cruinn, agus ní féidir leat scríobh go cruinn gan léamh go maith. Agus ciallaíonn ‘go maith’ an dá rud sa chás seo: caithfidh tú a bheith go maith ag an léamh, agus ag léamh rudaí maithe. [2]

Má theastaíonn eolas amháin uait, tá modhanna eile ar fáil. Ach, má theastaíonn uait smaointe nua a bheith agat, is gá a bheith ag léamh.

Nótaí

[1] Tugann closleabhair samplaí de scríbhneoireacht mhaith, ach ní fhoghlaimíonn tú an méid a fhoghlaimníonn tú tríd an léitheoireacht.

[2] Agus nílim ag labhairt faoi bheith go maith ag an léamh ó thaobh an oibrithe de. Is fearr a bheith in ann tuiscint a fháil ó na focail ná na focail a fháil ó na leathanaigh.