oisin thomas
Oisín Thomas

Cúis na Méine

3 min read

Nuair a smaoiníonn tú ar cad a dhéanfá dá gcaillfí duine agus dá dtabharfá faoi deara go n-athrófá rud nó cuid de do shaol ó bhonn, tá tú ag déanamh rud mícheart; ní chaitheann tú do shaol is fearr mar a deirtear sa lá atá inniu. Tá rud as alt agus caithfidh tú machnamh a dhéanamh ar chúis na méine.

Nílim ag caint faoi rudaí seafóideacha ERRAC (eagla roimh rud a chailleadh). Ach ag an am céanna tá seans ann go mbeidh fáth suimiúil ag croí na méine ar aon nós. Mar phriosabal, pé rud a d’athrófá, caithfidh tú machnamh a dhéanamh air.

Dealraíonn sé gur ábhar gruama é an t-ábhar seo. Ach chun an fhírinne a rá, níl coincheap níos úsáidaí ann ná cúrsaí báis chun díriú ar na rudaí is tábhachtaí i do shaol: do bhás féin, nó básanna daoine eile. Deirtear go seasadh Steve Jobs os comhair an scátháin gach la agus é ag cur na ceiste seo ort féin: “dá mba é inniu mo lá deireanach, an mbeadh fonn orm cad atá le déanamh agam inniu a dhéanamh?” Ceist phráinneach í seo a théann go croí an scéil. Mura seasann tú ar an imeall idir compord agus neamhchompord, má bhíonn tú i gcónaí ar do shuaimhneas gan ceisteanna mar sin a chur ort féin, ní fhorbhraíonn tú mar dhuine.

Ní minic a chuireann daoine ceisteanna mar seo ort féin (mise san áireamh) mar bíonn an bealach chun an cheist a fhreagairt deacair agus míchompordach i gcónaí. Más mian leat a bheith i do cheoltóir, cuir an ceist ort féin cén fáth nach bhfuil tú i do cheoltóir cheana féin: an mbaineann sé le cúrsaí airgeadais? An mbaineann sé le díoma a mbeidh ar do thuistí dá n-athrófá do phost? Agus araile… Ansin, caithfidh tú na cúiseanna a mheas faoi sholas an lae. Dá mbeifeá i do cheoltóir dá chaillfí do thuistí, bhuel, is dóigh liom go bhfuil fadhb ann agus caithfidh tú do mhianta agus an saol atá agat a réiteach, agus i ndiaidh sin, cuir aon athrú ar shocraigh tú i bhfeidhm.

Tugann an phaindéim seo deis dúinn an cheist seo a chur ort féin; cuireann sí bás os ár gcomhair Domhnach is dálach. Is é an fáth go bhfuil geilleagar NAASA (Níl ach saol amháin agat) faoi lán seoil. Cuireann daoine an cheist seo agus ceisteanna cosúil léi orthu féin agus tugann siad faoi deara go bhfuil bearna idir an saol a chaitheann siad agus an saol ba mhaith leo a chaitheamh, agus déanann siad iarracht an bhearna seo a mhaolú.

Ná lig ar an bpaindéim dul thart gan úsáid a bhaint aisti. Má fhreagraíonn tú ceisteanna mar seo, aimseoidh tú cúis na méine, gheobhaidh tú níos mó tuiscint ort féin, agus tosóidh tú ar an mbealach chun do shaol is fearr a chaitheamh.