oisin thomas
Oisín Thomas

Dea- agus Drochmhoilleadóireacht

12 min read

Is aistriúchán é seo agus tá an leagan Béarla ar fáil ar Good and Bad Procrastination. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Eimear Connick as an dréacht a léamh agus a cheartú.


Nollaig 2005

Is moilleadóirí uafásacha iad na daoine is iontaí a bhfuil aithne mhaith agam orthu. B’fhéidir nach mbeadh an mhoilleadóireacht go dona i gcónaí?

Is faoi laghdú agus leigheas na moilleadóireachta a scríobhann formhór na ndaoine. Ach ní bhíonn aon leigheas uirthi, i ndáiríre. Bíonn iliomad rudaí gur féidir leat a dhéanamh gach aon nóiméad. Is cuma cén rud a n-oibreoidh tú air, ní bheidh tú ag obair ar gach rud eile. Mar sin, ní ceist í seo faoi conas is féidir leat moilleadóireacht a sheachaint ach is ceist í faoi conas is féidir leat moill a dhéanamh go maith agus go héifeachtach.

Bíonn ceann de na trí aicme moilleadóireachta ar siúl agat agus tú ag déanamh rud eile in áit d’oibre: tá seans ann go mbíonn tú ag déanamh (a) tada, (b) rud a bhfuil is lú tábhacht ag baint leis, nó (c) rud níos tábhachtaí. Is dea-mhoilleadóireacht é an ceann deireanach, i mo thuairimse.

Is é seo an t-ollamh dearmadach a dhéanann dearmad ar é féin a bhearradh, nó ar ghreim bia a ithe, nó fiú ar shúil a chaitheamh ar cá háit a bhfuil sé ag dul agus é ag smaoineamh faoi cheist shuimiúil. Níl a aird dírithe ar a mbíonn ar siúl timpeall air, toisc nach bhféadann sé – nó duine ar bith eile – a bheith in dá áit ag an am amháin.

Ar an gcaoi seo, bíonn na daoine is iontaí a bhfuil aithne mhaith agam orthu ina moilleadóirí. Is moilleadóirí aicme-C iad go léir: cuireann siad na nithe neamhthábhachtacha ar an méar fhada agus ina n-áit, oibríonn siad ar na nithe suntasacha.

Cad iad ‘nithe neamhthábhachtacha’? Is iad seo na rudaí nach scríobhfaí ar do thuairisc bháis go deo. Is doiligh an saothar is fearr agat a aithint roimh ré (An é an mórshaothar a scríobh tú faoi hailtireacht theampall na Suiméire nó an scéinséir bleachtaireachta a scríobh tú agus tú ag úsáid ainm cleite?), ach is féidir leat cineál ar leith oibre a chur as an áireamh: tú féin a bhearradh, an níóchán a dhéanamh, an teach a ghlanadh, cártaí buíochais a scríobh – gach rud a dtabharfá ‘timireacht’ air.

Is dea-mhoilleadóireacht é timireacht a sheachaint chun fíor-obair a dhéanamh.

Is maith an rud é, ar bhealach. Ní aontaíonn na daoine a n-iarann ort timireacht a dhéanamh leis seo, áfach. Ach, is dócha go mbeidh ort cur isteach orthu, más maith leat aon obair a dhéanamh. Bíonn taobh fuarchúiseach ag na daoine is séimhe fiú maidir leis an timireacht a sheachaint. Sin má bhíonn fonn orthu fíor-obair a dhéanamh.

Imeoidh cuid den timireacht, cosúil le freagraí a thabhairt ar litreacha, mura dtabharfá aird ar bith uirthi (b’fhéidir go dtabharfadh na daoine agus an timireachta na cosa leo uait fiú áfach). Agus cad faoin gcuid eile di – cosúil leis an bhféar a ghearradh nó do thuairisceán cánach a chomhdú? Bhuel, éiríonn na cúrsaí seo níos measa má chuireann tú ar an méar fhada iad. I bprionsabal, ní fiú timireacht mar seo a chur ar athlá; beidh ort í a dhéanamh faoi dheireadh. Cén fáth nach ndéanfá anois í (mar a deirtear sna fógraí thar téarma i gcónaí)?

Is í an chúis gur fiú é iad a chur ar athlá ná go mbíonn dhá rud de dhíth ar fhíor-obair nach mbíonn de dhíth ar an timireacht: an t-uafás ama agus an giúmar ceart le bheith ort. Má tá tú spreagtha chun dul i mbun tionscadail, tá seans ann gur cheart duit gach rud eile a chur ar an méar fhada ar feadh cúpla lá chun obair air. É sin ráite, b’fhéidir go dtógfadh an timireacht sin níos mó ama nuair a d’fhillfeá uirthi. Ach, dá mbeadh go leor oibre déanta agat le linn an ama sin, bheifeá níos táirgiúla ar an iomlán.

Chun an fhírinne a rá, tá bearna mhór idir an modh a chuirim in iúl duit anois agus an gnáthmhodh, i ndáiríre. B’fhéidir go mbeadh ort tréimshí fada a chaitheamh ag obair ar chineálacha ar leith oibre nuair a bhuaileann splanc inspioráide thú iad a chríochnú i gceart, in ionad a bheith ag obair agus tú ag cloí le sceideal. Go heimpíreach, tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé mar seo. Nuair a smaoiním faoi na daoine a bhfuil aithne agam orthu a rinne sárobair, ní shamhlaím go mbíonn siad ag cur líne trí mhíreanna ar liosta rudaí atá le déanamh Domhnach is dálach. Samhlaím go mbíonn siad ag éalú i ngan fhios chun dul i mbun oibre ar smaoineamh nua.

Ar an taobh eile den scéal, má thugtar ar dhaoine timireacht agus fíor-obair a dhéanamh ag an am céanna, cuirtear teorainn lena dtáirgiúlacht. Ní hé amháin go gcuireann an cur isteach isteach ar d’am; chomh maith leis sin, déanann sé dhá leath den am – roimh an mbriseadh agus tar éis an bhriste. Fiú mura gcuireann tú isteach ar dhuine ach cúpla uair in aghaidh an lae, is dócha nach mbeadh sé nó sí in ann fíor-obair a dhéanamh a thuilleadh.

Chaith mé go leor ama ag déanamh iontais cén fáth a mbíonn gnólachtaí nuathionscanta níos táirgiúla ar dtús nuair nach mbíonn ach cúpla duine ag obair le chéile in árasán. Is í an phríomhchúis atá ann ná nach bhfuil éinne ann chun cur isteach orthu ar dtús, ceapaim. Go teoiriciúil, is maith an rud é nuair a fhaigheann na bunaitheoirí go leor airgid chun daoine a fhostú leis an t-ualach oibre a laghdú. Ach b’fhéidir gurbh fhearr a bheith faoi bhrú oibre ná daoine eile a bheith ag cur isteach ort. Nuair a fhostaíonn tú gnáthoibrithe oifige – moilleadóirí aicme-B – caolaíonn siad treoir an ghnólachta: bíonn siad gafa le bristeacha, agus gan mhoill, beidh tú gafa leis sin freisin.

Más maith leat deireadh a chur le tionscadal maith, is maith an rud í an timireacht chun é sin a dhéanamh. Mar shampla: Duine a shocraíonn gur mhaith leis úrscéal a scríobh, is minic a thugann sé faoi deara go tobann gur gá an teach a ghlanadh. Ní theipeann ar dhaoine leabhar a scríobh toisc go mbíonn siad ina suí os comhair leathanach bán Domhnach is dálach. I ndáiríre, teipeann orthu é a dhéanamh toisc go mbíonn siad ag tabhairt bia don chat nó ag dul amach chun rud éigin a cheannach don árasán nó ag bualadh le cara le haighaidh caife, nó ag seiceáil a ríomhphost. “Níl am agam aon fhíor-obair a dhéanamh” a deir siad. Agus níl an t-am acu, déanann siad cinnte nach mbeadh am ar bith acu.

(Tá cineál eile ann freisin agus nuair a mhaíonn duine nach bhfuil áit oiriúnach ar bith acu chun fíor-obair a dhéanamh. Tá leigheas air sin: tabhair cuairt ar na háiteanna inar oibrigh daoine cáiliúla agus tabhair faoi deara cé chomh mí-oiriúnach agus a bhí na háiteanna siúd.)

Rinne mé na leithscéalta seo uair nó dhó. D’fhoghlaimínn a lán cleas chun iallach a chur orm féin fíor-obair a dhéanamh le fiche bliain anuas; é sin ráite, ní éiríonn liom gach uair fós. Déanaim sárobair ar laethanta áirithe agus bím gafa leis an timireacht ar laethanta eile. Agus tá sé ar eolas agam go mbíonn an locht ormsa níos minice ná an mhalairt: ligim don timireacht an lá ar fad a mheilt in áit déileáil le fadhb chasta.

Is í aicme-B nach bhfuil admhaithe agat fós an mhoilleadóíreacht is measa toisc nach mothaíonn tú amhail is dá mbeifeá ag déanamh moille. Bíonn ‘rud le déanamh’ agat i gcónaí. Is fíor é sin, agus ní bhíonn na rudaí cearta á ndéanamh agat.

Is comhairle neamhchríochnaithe agus thar a bheith míthreorach í aon chomhairle a chuireann an-bhéim ar líne a chur trí mhíreanna ar liosta rudaí atá le déanamh gan smaoineamh a dhéanamh ar an seans gur foirm aicme-B í an líosta rudaí atá le déanamh. Chun an fhírinne a rá, is focal rólag é ‘seans’ sa chás seo. Is beag duine nach ndéanann é. Mura mbíonn tú ag obair ar na rudaí is tábhachtaí i do réimse, déanann tú moill aicme-B, is cuma cé mhéad a bhíonn á dhéanamh agat.

Ina aiste chlúiteach dar teideal “You And Your Research” (aiste a mholfainn do dhuine uaillmhianach ar bith a léamh, is cuma cén réimse lena mbaineann siad), molann Richard Hamming gur chóir duit trí cheist a chur ort féin:

  1. Cad iad na fadhbanna is tábhachtaí i do réimse?

  2. An oibríonn tú ar cheann díobh?

  3. Cén fáth nach bhfuil tú ag obair orthu? Bhí Hamming ag obair le Bell Labs nuair a thosaigh sé ag cur na gceisteanna seo air féin. I bprionsabal, ba chóir dá raibh ann ag an am a bheith in ann obair a dhéanamh ar na fadhbanna ba thábhachtaí ina réimse. Seans nach bhfuil gach duine in ann dul i bhfeidhm go mór ar an domhan; níl a fhios agam; ach tá tionscadail inar féidir leat do chuid scileanna a threisiú agus is cuma cad í do chuidse. Is féidir cleachtadh Hamming a ghinearálú:

    _ Cad é an rud is fearr a bhféadfá obair air, agus cén fáth nach bhfuil tú á dhéanamh? _

Seachnaíonn formhór na ndaoine an cheist seo. Seachnaímse í seo freisin; feicim í ar an leathanach agus bogaim go dtí an abairt ina diaidh gan mhoill. Bhíodh Hamming ag cur na gceisteanna seo ar dhaoine, agus níl aon amhras ach nach raibh go leor cairde aige mar thoradh air sin. É sin ráite, ba chóir do dhaoine atá uaillmhianach dul i ngleic leis an gceist seo.

Is í an fhadhb atá agat ná go bhfuil seans ann nach mbainfeá ach fadhb mhór amach. Chun fíor-obair a dhéanamh, beidh ort níos mó ná tionscadal iontach a fháil: tar éis lámh a chur ar an tionscadal, beidh ort iallach a chur ort féin obair a dhéanamh air, agus is deacair sin. Dá mhéad an tionscadal is ea is deacra an t-iallach sin a chur ort féin.

Ar ndóigh, is í an phríomhchúis gur deacair do dhaoine obair a dhéanamh ar fhadhb áirithe ná nach dtaitníonn an obair leo. Má tá tú óg, is minic a dhéanann tú obair ar rudaí nach dtaitníonn leat – toisc go bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad go hiontach, mar shampla, nó toisc go mbíonn ort obair a dhéanamh orthu. Bíonn formhór na mac léinn iarchéime sáinnithe agus iad ag obair ar thionscadail mhóra nach dtaitníonn leo; agus mar sin, is ionann scoil iarchéime agus an mhoilleadóireacht.

Fiú nuair a thaitníonn an obair leat, is fusa obair a dhéanamh ar thionscadail bheaga ná ar thionscadail mhóra. Cén fáth? Cén fáth gur deacair duit obair a dhéanamh ar thionscadail mhóra? Is cúis amháin í ná go bhfuil seans ann nach bhfaighidh tú luach do shaothair astu go ceann i bhfad. Má oibríonn tú ar thionscadal a bheifeá in ann críochnú laistigh de roinnt laethanta, braitheann tú go bhfuil éacht déanta agat go fóill. Má tá luach do shaothair i bhfad romhat, is lú an tábhacht atá leis i d’aigne mar ní sásamh gearrthéarma é.

Cúis eile nach n-oibríonn daoine ar thionscadail mhóra ná – go híorónta – go bhfuil eagla orthu go mbeidís ag cur ama amú. Céard a tharlóidh dá dteipfeadh an tionscadal orthu? Ansin, ba chur amú ama é an t-am ar fad a chaith siad air. (Chun an fhírinne a rá, den chuid is mó, má oibríonn tú ar thionscadal deacair, spreagann sé thú chun obair a dhéanamh ar thionscadal eile.)

Ach ní hiad seo amháin an deacracht a bhaineann le tionscadail mhóra. Más é sin an cás, is ionann tionscadail mhóra agus cuairt a thabhairt ar mhuintir do chéile. Baineann níos mó ná sin le hobair a dhéanamh ar thionscadail mhóra. Bíonn siadsan scéiniúil. Is geall le pian fhisiciúil dul i mbun tionscadal mór. Is geall le folúsghlantóir a bheith ceangailte do do shamhlaíocht. Súitear smaointe tosaigh asat láithreach bonn, agus níl aon smaoineamh eile agat, ach tá an folúsghlantóir ag sú fós.

Ní fiú cur chuige díreach a bheith agat i leith tionscadail mhóra. B’fhearr go mór cur chuige indíreach sna cásanna seo. Ina theannta sin, ba chóir duit do pheirspictíocht a athrú díreach i gceart: ba cheart duit aghaidh a thabhairt ar thionscadail mhóra ar bhealach a spreagfaidh thú agus nach gcuirfidh pairilis ort – agus bíonn an pheirspictíocht seo idir dhá cheann na meá agus athraíonn sí i gcónaí; ach is féidir leat í a theannadh nuair a théann tú i mbun oibre amhail is dá mbeadh bád seoil in ann seoladh níos giorra don ghaoth chomh luath agus a bheadh sé ar an bhfarraige mhór.

Má theastaíonn uait obair a dhéanamh ar thionscadail mhóra, bíonn ort iallach a chur ort féin i ngan fhios duit féin: ba chóir duit obair a dhéanamh ar chodanna beaga an tionscadail go n-éireodh siad níos mó, nó ba chóir duit obair a dhéanamh ar chodanna a mhéadóidh de réir a chéile nó ba chóir duit an dualgas a roinnt le comhoibrithe. Ní comhartha laige é má bhraitheann tú ar chleasanna mar seo. Bíonn sárobair déanta sa tslí seo.

Nuair a bhím ag caint le daoine ar éirigh leo obair a dhéanamh ar thionscadail mhóra, tugaim faoi deara go seachnaíonn siad a gcuid timireachta agus braitheann siad ciontach faoi sin. Ní chreidim go bhfuil an ceart acu. Bíonn níos mó le déanamh ná a bheadh aon duine amháin in ann a dhéanamh ina aonar. Mar sin, nuair a bhíonn tú ag déanamh sároibre, níl aon amhras ach go mbíonn timireacht fágtha ar leataobh agat. Dealraíonn sé dom gur botún é go mbraithfí ciontach faoi sin.

Ceapaim gurb é an bealach is fearr fadhb na moilleadóireachta a réiteach ná go ligean tú d’fhiosracht do do mhealladh in áit liosta rudaí atá le déanamh a bheith ag cur brú ort. Déan obair ar thionscadail uaillmhianacha a thaitníonn leat agus seol chomh gar agus is féidir leat don ghaoth, agus sa tslí seo fágfaidh tú na rudaí cearta ar leataobh.

Míle buíochas do Trevor Blackwell, Jessica Livingston, agus Robert Morris as na dréachtaí a léamh.