oisin thomas
Oisín Thomas

Déan Aithris Ar Na Rudaí Is Ansa Leat

6 min read

Tá an leagan Béarla ar fáil ar Copy What You Like.


Iúil 2006

Nuair a bhí mé i meánscoil, chaithinn go leor ama ag déanamh aithrise ar scríobhneoirí dona. Ba é an cineál leabhair a ndéanaimis staidéar air ná ficsean ach go háirithe, agus toisc mar sin, rinne mé talamh slán de gurbh é an ficsean foirm ab fhearr na scríobhneoireachta. An chéad bhotún. Ba iad na scéalta ba chailiúla ná scéalta ina raibh daoine ag fulaingt ar bhealaí casta. Bhíodh amhras faoi aon scéal grinn nó scéal fíorspéisiúil, mura raibh sé sean go leor agus, dá bharr sin, ba dheacair é a thuiscint, cosúil le Shakespeare nó Chaucer. An dara botún. Bhí an chuma ar an scéal gurbh é an gearrscéal an modh ab fhearr, agus ó shin sin i leith fuair mé amach go mbíonn saol gearr aige – saol a thosaíonn agus a chríochnaíonn le foilsitheoireacht irisleabhair agus í i mbarr a réime. Ach toisc gur oir a méid do rang meánscoile, léimis a lán gearrscéalta agus mar thoradh air sin cheapamar go raibh gearrscéalta faoi bhláth. An tríú botún. Agus toisc go raibh siad an-ghearr, níor ghá go leor a tharlaíodh sna scéalta; b’fhéidir go mbeadh cur síos déanta ar shlis fhánach den saol agus cheapfaí go raibh sé thar barr. An ceathrú botún. Ba thoradh é sin ná go scríobhainn a lán scéalta ina dtarlaíodh tada seachas cur síos ar dhuine a bheadh míshásta ar bhealach a mbeadh cuma dhomhain air.

Den chuid is mó den am a chaith mé in ollscoil, ba mhac léinn na fealsúnachta mé. Bhínn an-tugtha do na páipéir a d’fhoilsigh siad sna hirisleabhair fhealsúnachta. Bhí a gclóchur go hálainn, agus tharraing atmaisféar na scríobhneoireachta – a d’athraigh ó pháipéar go páipéar idir neamhfhoirmeálta agus thar a bheith teicniúil – isteach mé. Bheadh stócach ag siúl ar shráid éigin agus go tobann thitfeadh ‘modality qua modality’ é. Níor thuig mé na páipéir riamh, ach cheap mé go dtuigfinn iad nuair a bheadh am agam iad a athléamh níos cruinne. Idir an dá linn, dhéanainn iarracht aithris a dhéanamh orthu. Ba iarracht é nach mbeadh aon rath air toisc go raibh siad folamh. Ní bheadh aon fhealsamh ag bréagnú aon fhealsamh eile: toisc nach scríobh duine ar bith rud deimhneach, ní raibh faic le bréagnú. Ar ndóigh, ní raibh rud deimhneach ar bith i mo chuid aithrise ach an oiread.

I scoil iarchéime, bhínn ag cur amú ama fós agus mé ag déanamh aithrise ar na rudaí míchearta. Bhí ríomhchlár faiseanta darbh ainm ‘an sainchóras’ ann ag an am agus bhí rud darbh ainm ‘córas infeiris’ ag obair mar chroí an ríomhchláir seo. Léigh mé faoi na rudaí a bhí siad in ann a dhéanamh agus cheap mé, “Is féidir liom é a chódú agus nach mbeadh ach míle líne de dhíth chun é a dhéanamh.’ Ach ag an am céanna, bhí ollaimh chlúiteacha ag scríobh leabhair fúthú agus bhí gnólachtaí nuathionscanta á ndíol ar thuarastal glan. “Is mór an deis í seo,” a cheap mé, “Tá cuma shimplí ar na rudaí iontacha seo; nár cliste an buachaill mé?” Ní raibh an ceart agam. Ní raibh ann ach faisean. Ní thugann duine ar bith aird ar na leabhair a scríobh na hollaimh faoin sainchóras. Ní raibh siad sna sála ar rud suimiúil. Ba iad na custaiméirí a bhíodh ag íoc go leor as an sainchóras ná na gníomhaireachtaí rialtais agus a leitheidí a d’íoc na mílte as scriúirí agus as suíocháin leithris.

Conas is féidir leat aithris a dhéanamh ar na rudaí míchearta a sheachaint? Déan aithris ar na rudaí is ansa leatsa. Dá ndéanfainn é, shábhálfaí mé sa trí chás: Níor thaitin liom na gearrscéalta a bhí orainn a léamh i rang Béarla; níor fhoglaim mé tada ó na páipéir fealsúnachta; níor úsáid mé sainchórais. Chreid mé gurbh iontach na rudaí iad seo toisc go raibh siad molta go hard.

Is deacair na rudaí is ansa leat agus na rudaí a bhfuil tú an-tugtha dóibh a dheighilt óna chéile. Cleas amháin atá ann ná gan aird a thabhairt ar an gcur i láthair. Nuair a fheicim pictiúr atá crochta suas go gálanta i músaem, cuirim an cheist seo orm féin: Cé mhéad a bheinn sásta íoc as, dá bhfaighfinn é amach agus é salach agus gan fhráma ar díol ag díolachán earraí agus nach mbeadh a fhios agat cé hé an duine á phéinteáil? Má shiúlann tú timpeall músaeim ag cur na ceiste seo ort féin, faigheann tú amach torthaí thar a bheith iontach. Ná tabhair neamhaird ar phointe sonraí toisc gur asluiteach é.

Is é bealach eile gur féidir leat cad is ansa leat a fháil amach ná machnamh a dhéanamh ar na rudaí a mbaineann tú pléisiúr ciontach astu. Is iomaí rud a thaitníonn le daoine toisc go mbaineann siad pléisiúr as an gcomhartha súailce atá ag baint leis – go háirithe má tá siad óg agus uaillmhianach. Bíonn 99% de na daoine atá ag léamh Ulysses ag smaoineamh ‘táim ag léamh Ulysses’ agus iad á leamh. Is pléisiúr glan ar a laghad é an pléisiúr ciontach. Cad a léifeá dá mba chuma leat faoin tsuáilceacht? Cén cineál leabhair a léifeá agus a thiocfadh díoma ort toisc nach mbeadh ach leath den leabhar fágtha le léamh agat, in áit a mbeifeá thar a bheith sásta leat féin toisc go mbeadh an chéad leath den leabhar léite agat cheana féin? Sin é an rud is ansa leat.

Fiú nuair a chuireann tú lámh ar na rudaí cearta, bíonn fadhb eile le bheith ort dul i ngleic léi: Déan iarracht aithris a dhéanamh ar an rudaí dearfacha atá acu in ionad a lochtanna. Is furasta aithris a dhéanamh ar a lochtanna toisc go mbíonn siad níos follasaí agus ar ndóigh, is fusa aithris a dhéanamh orthu freisin. Mar shampla, d’úsáid formhór na n-ealaíontóirí an 18ú agus an 19ú aoise dathanna dorcha. Bhí siad ag déanamh aithrise ar shárealaíontóirí an Renaissance ar éirigh a gcuid pictiúir donn le salachar faoin am sin. Tá na pictiúir seo glanta ó shin agus tá a ndathanna lonrach le feiceáil arís anois; beidh pictiúir a n-aithriseoirí dorcha go deo.

Ba é an péinteáil an leigheas ar an aithris a rinne mé ar na rudaí míchearta. Shochraigh mé gur mhaith liom a bheith i m’ealaíontóir, leath bealaigh trí scoil iarchéime; agus toisc go raibh saol na healaíne an-éillitheach, cuireadh deireadh le mo shaontacht. Chuir na daoine seo cuma scrupallach na matamaitceoirí ar ollaimh fhealsúnachta. Toisc gur rogha an-soiléir é idir fíor-obair a dhéanamh nó a bheith i do dhuine ar an taobh istigh, bhí orm an t-idirdhealú sin a aithint faoi dheireadh. Tá a fhios agam anois go mbíonn sé ann i gcónaí i ngach aon réimse go pointe áirithe, ach bhínn go dtí sin in ann maireachtáil gan aghaidh a thabhairt air.

Is é seo ceann de na rudaí ba luachmhaire a d’fhoglaim mé ón bpéinteáil: bíonn ort na rudaí cearta agus maithe a fháil amach i d’aonar. Ní féidir leat muinín a bheith agat as na húdaráis. Insíonn siadsan bréaga duit faoin ábhar seo.