oisin thomas
Oisín Thomas

Fashionable Problems

2 min read

Tá an leagan Béarla ar fáil ar Fashionable Problems.


Nollaig 2019

Tá an patrún céanna feicthe agam in a lán réimsí éagsúla: cé go n-oibríonn go leor daoine go dian sa réimse, ní bhíonn ach cuid bheag de na féidearthachtaí pléite acu toisc go mbíonn gach duine ag plé ábhar den chineál céanna.

Fiú ó thaobh na ndaoine is éirimiúla agus is samhlaíche: is mór an t-iontas go mbíonn siadsan freisin an-choimeádach agus iad ag roghnú cad ba mhaith leo obair a dhéanamh air. Tarraingítear daoine, nach mba mhaith leo a bheith san fhaisean ar bhealach ar bith, isteach ar na fadhbanna atá san fhaisean Domhnach is dálach.

Más maith leat a bheith ag obair ar fhadhbanna neamhfhaiseanta, ba chóir duit na réimsí a cheaptar go bhfuil siad pléite amach is amach a athscrúdú, mar shampla: aistí, Lisp, maoiniú fiontair – b’fhéidir go dtugann tú faoi deara go bhfuil patrún den sórt anseo. Dá mbeifeá in ann cur chuige nua a fháil amach i gceann de na réimsí a bhí in ainm a bheith pléite amach, méadóidh luach do shaothair faoi hachar dhromchla mhóir d’fhionnachtana.

Is é an cosaint is fearr in aghaidh tarraingt isteach ar na fadhbanna a mbíonn gach duine eile ag obair orthu ná dúil as cuimse a bheith agat sa cheist, san fhadhb nó sa thionscadal idir lámha agat. Sa tslí seo, leanfá ar aghaidh ag obair air, fiú dá dtiocfá amú cosúíl leis na daoine eile agus tú ag ceapadh nach bhfuil aon tábhacht ag baint le do chuid oibre.