oisin thomas
Oisín Thomas

Cad Í An Obair Nach Bhfuil Cuma Oibre Uirthi?

4 min read

Tá an leagan Béarla ar fáil ar What Doesn’t Seem Like Work?.


Eanair 2015

Is matamaiticeoir é mo Dhaid. Ar feadh an chuid ba mhó de m’óige, d’oibríodh sé le Westinghouse agus é ag samhaltú imoibreoirí núicléacha.

Ba é duine de na daoine a mbeadh an t-ádh orthu go mbeadh a fhios acu céard ba mhaith leo a dhéanamh. Nuair atá tú ag caint leis faoina óige, is léir gur tharla cor cinniúna nuair a bhí sé timpeall a dó dhéag – mar, sa tréimhse seo, “spreagadh suim sa mhatamaitic” ann ar dtús.

Rugadh agus togadh é i mbaile beag cois fharraige darb ainm Pwllheli. Nuair a d’fheachamar siar ar a shiúlóid chuig a scoile ar Amharc Sráide Google, dúirt sé gur mhaith an rud é fás aníos faoin tuath.

“Nár éirigh an saol leadránach nuair a bhí tú a cúig déag?” a d’fhiafraigh mé de.

“Níor éirigh,” a dúirt sé, “Faoin am sin, bhí dúil as cuimse agam sa mhatamaitic.”

I gcomhrá eile, d’inis sé dom gur mhaith leis fadhbanna a réiteach thar aon rud eile. Dar liomsa, b’ionann cleachtaí ag deireadh caibidle leabhair matamaitice agus obair, nó b’ionann iad agus treisiú na foghlama a bhí sa chaibidil – dá mbeadh dearcadh níos dearfaí agam faoi. Dar leis, ba luach saothair iad na fadhbanna féin. Níor ach comhairle chun dul i ngleic leis na fadhbanna é téacs na caibidle. Dúirt sé gur réitigh sé na fadhbanna ar fad chomh luath agus a fuair sé leabhar nua – agus chuirtí isteach ar a mhúinteoirí toisc go mbeidís den tuairim gur cheart don rang obair a dhéanamh ar an leabhar céim ar chéim, diaidh ar ndiaidh.

Is beag duine a bhfuil a fhios acu go luath agus go cinnnte céard ba mhaith leo obair a dhéanamh air. Ach nuair a bhí mé ag caint le mo Dhaid, chuir sé heorastaic is féidir linn a úsáid i gcuimhne dom. Má bhíonn ábhar ann nach bhfuil cuma oibre air dar leat, oireann sé duit mar phost. Mar shampla, is maith le cuid mhór de na ríomhchláraitheoirí a bhfuil aithne agam orthu (agus mise ina measc) dífhabhtú. Ní hí seo obair a mbeadh mórán duine sásta a dhéanamh – is geall leis an sásamh a bhaineann daoine as goiríní a phléascadh. É sin ráite, tá seans ann gur chóir duit sult a bhaint as dífhabhtú chun sult a bhaint as an gcódú nuair a smaoiníonn tú ar an méid a mbaineann an dífhabhtú leis.

Dá mhéad aisteach is a mbeadh an chuma ar do speiseanna in aigne an phobail, is ea is treise an fhianaise a bheadh agat go n-oibríonn tú ar na rudaí ba cheart duit obair a dhéanamh air. Nuair a bhí mé in ollscoil, scríobainn páipéir do mo chairde. Ba rud suimiúil é páipéar a scríobh do rang nach raibh mé ag freastal air. Ina theannta sin, ba mhór an faoiseamh dóibh.

Bhí cuma aisteach air go mbeadh an tásc céanna pianmhar do dhuine amháin agus go dtaitneodh sé le duine eile; ach, níor thug mé faoi deara cad a chuir sé seo in iúl dom toisc nach raibh mé ar a thóir ag an am. Níor thug mé faoi deara cé chomh deacair is atá sé cinneadh a dhéanamh faoi cad ba cheart obair a dhéanamh air agus go mbíonn ar dhaoine é a oibriú amach ó leideanna caolchúiseacha – amhail is dá mba bhleachtaireacht tú agus tú ag réiteach cáis in úrscéal mistéire. Táim cinnte go gcuideodh an cheist seo le go leor daoine, dá gcuirfidís í orthu féin go sóiléir: cad í an obair nach bhfuil cuma oibre uirthi, dar leatsa?

Míle buíochas do Sam Altman, Trevor Blackwell, Jessica Livingston, Robert Morris agus mo Dhaid as dréachtaí a léamh.