oisin thomas
Oisín Thomas

Uisce

3 min read

Is faoi bhuntáistí uisce a scríobhann formhór na ndaoine: deir siad gur bunriachtanas é an t-uisce agus go mbaineann iliomad feidhmeanna leis agus… Ach, ní chuirtear aon rud úrnua in iúl dúinn sa tslí seo. Ba mhaith liom ceist eile a scrúdú: an féidir linn aon rud a fhoghlaim ón uisce?

Bí mar uisce.

— le Bruce Lee

Sin é meafar a chruthaigh Bruce Lee agus ceapaim go raibh an ceart aige. Is meafar é seo a dhéanann cur síos ar an gcaoi a mbíonn an t-uisce in ann dul in oiriúint do gach coimeádán. Ní dhéanann sé gearán ná ní bhíonn sé ag éagaoineadh faoin athrú. Bíonn sé ar a shuaimhneas i gcónaí agus ag an am céanna, déanann sé a sheacht ndícheall dul in oiriúint toisc nach mbíonn sé in ann a chuimsí a athrú. Glacann sé leis an bpáirt atá aige.

Ach bheadh an ceart agat agus tú ag smaoineamh go gcothaíonn an meafar seo géilliúlacht, agus dá rachaimís in oiriúint do gach coimeádán, níorbh fhada go mbeadh diostóipe i réim agus muid inár lúba gan chumhacht. Ach níl uisce géilliúil mar seo. Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go dtéann uisce in oiriúint go hiomlán nuair a chaitheann tú súil air; déanta na fírinne, ní athraíonn bunfhoirm an uisce: fanann sé le seans chun dul go háit eile i gcónaí, bíonn sé ag lorg an chéad rud eile i gcónaí agus ag an am céanna tá sé sásta fanacht anois go deo, más gá; bíonn sé éagruthach i gcónaí.

Mar shampla, is mór an tábhacht a bhaineann leis an meafar seo sa lá atá inniu le linn ráig an choróinvíris. Bíonn an meafar thar a bheith áisiúil nuair a bhíonn tú ag streachailt le nithe nach bhfuil neart againn orthu. Is cur amú ama é a bheith ag gearán faoi chúrsaí mar seo; tá a fhios agam nach mbeidh tú in ann dul ar saoire i mbliana, ach tá tú in ann smaoineamh – ní chaillfidh tú réasúnaíocht. Ba chóir duit d’aird a thabhairt ar cad is féidir leat a dhéanamh chun tú féin agus do theaghlach a choimeád slán agus chun a bheith réidh don chás is measa.

Agus toisc go bhfuil aird an uisce dírithe ar rud amháin, agus toisc nach bhfuil mearbhall air agus é ag gearán, tá sé cumhachtach. Mar is eol do chách, baineann dhá staid leis an uisce: socair agus sruth. Nuair a bhíonn tú ag gearán agus ag éagaoineadh faoi rud, cuireann tú do chuid ama is fuinnimh amú, ní bhíonn d’aird dírithe ar rud a bhfuil neart agat air – níl staid shocair agat – agus mar seo, cailleann tú do chumhacht – níl staid sruth agat ach an oiread. Níl ach staid amháin agat: tá mearbhall ort. Ní féidir leat na fadhbanna is tábhachtaí a aimsiú. Ní féidir leat dul i ngleic leo toisc go mbíonn tú ag smaoineamh go bhfuil gach rud míchothrom agus ina phraiseach. Más duine solúbtha tú, agus tú mar uisce, is féidir leat na fadhbanna a aimsiú agus tú i staid shocair agus is féidir leat dul i ngleic leis na fadhbanna is tábhachtaí céim ar chéim agus tú i staid srutha. Mar an uisce, úsáideann tú do chumhacht ar fad chun dul ó áit go háit.

Mar fhocal scoir, ní hé amháin gur cheart duit uisce a ól; bí mar uisce freisin.